An Codú: Reibiliún reibhléiseach beartaithe ar TG4.
Dátaí Craolta
Mír 1 - SATHARN 23 AIBREÁN 9.30PM
Mír 2 - DOMHNACH 24 AIBREÁN 9.30PM
Mír 3 - LUAN 25 AIBREÁN 9.30PM
Cé go bhfuil faitíos agus imní orthu caithfidh siad féin anois an gaisce a dhéanamh.....agus go tapa. Ní foláir dóibh freisin filleadh ar ais ón stair agus go saol an lae inniu - ach cén sórt saoil a bheidh ann rompu, fiú má éiríonn leo san iarracht sin?
Is é an comhlacht aitheanta Tile Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4 agus craolfar an trí chlár ar an gcainéal trí lá i ndiaidh a chéile, céad bliain díreach ó dháta an Éirí Amach féin. Fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó scéim tacaíochta atá bunaithe an Rialtais do thograí scannán teilifíse (Alt 481).
Chruthaigh cliar aisteoirí agus foireann léiriúcháin den chéad-scoth an saothar seo, bunaithe ar scéal a scríobh James Phelan, duaiseoir as a shaothar roimhe seo do TG4 (Rásaí na Gaillimhe). Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Peter Coonan (Love/Hate), Owen McDonnell (Singlehanded), Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe, Charlie), Jeanne O'Connor (Sineater), Enda Oates (Moone Boy), Eva Jane Gaffney (What Richard Did) agus Olga Wehrly (Dark Touch).